Plaistigh bhoga a athchúrsáil - mywaste My Waste

Plaistigh bhoga a athchúrsáil

Is féidir le sealbhóirí tí an pacáistiú plaisteach go léir a chur isteach san araid athchúrsála tí anois – a fhad is go bhfuil sé glan, tirim agus scaoilte. Áirítear leis seo plaistigh bhoga agus dhochta – gach rud idir buidéal plaisteach agus scannán plaisteach ar phacaí torthaí!

Cuirtear fáilte roimh an bhforbairt seo, mar gheall go ndéanaimid níos lú ná an tríú cuid dár bpacáistiú plaisteach a athchúrsáil in Éirinn faoi láthair. Cuirtear céatadán mór dár ndramhaíl phlaisteach anois san araid tí ghinearálta, agus murach go ndéantar an pacáistiú plaisteach seo a bhailiú agus a scaradh, ní dhéanfar athchúrsáil air riamh. Céim mhór i dtreo plaistigh in-athchúrsáilte atá ar fáil a scaradh a thugtar chuig líonadh talún agus go hionaid aisghabhála fuinnimh faoi láthair iad plaistigh bhoga agus dhochta a bhailiú san araid athchúrsála tí.

Tugann sonraí ón mbliain 2018 in Éirinn le fios dúinn nach ndearnamar athchúrsáil ach ar 82,000 tonna de na 264,000 tonna de phacáistiú plaisteach.  Chun na spriocanna a bhaint amach a leagadh amach chun athchúrsáil a dhéanamh ar 50% de phlaistigh faoin mbliain 2025, agus athchúrsáil a dhéanamh ar 55% díobh faoin mbliain 2030, beidh orainn an méid athchúrsála a dhéantar ar phlaistigh in Éirinn a mhéadú.

Is iomaí feabhas a cuireadh le blianta beaga anuas ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun plaisteach a athchúrsáil. Mar shampla, úsáidtear trealamh optúil sórtála i roinnt saoráidí athchúrsála Éireannacha anois ar féidir leo saghsanna éagsúla plaistigh a shainaithint bunaithe ar conas a fhrithchaitheann agus a athraonann siad léasacha solais, agus chuir seo leis an deis atá ar fáil chun níos mó plaisteach a athchúrsáil. Glacfaidh é seo, sa mhullach ar dhul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh sa teicneolaíocht agus margaí nua atá tagtha chun cinn le haghaidh saghsanna éagsúla plaistigh le ról tábhachtach i bplaisteach a athchúrsáil amach anseo.

Is féidir aon phlaistigh nach féidir a athchúrsáil a thiontú faoi láthair ina Breosla Athshlánaithe Soladach (SRF) a úsáidtear in áitheanna stroighne. Cuirtear seo in ionad breoslaí iontaise agus imríonn seo tionchar dearfach trí astaíochtaí gás ceaptha teasa níos ísle a scaoileadh.

Tríd an bpacáistiú plaisteach tirim glan scaoilte go léir a chur isteach san araid athchúrsála, is féidir linn a chinntiú nach dtugtar aon phlaisteach in-athchúrsáilte a fhad le líonadh talún gan chuimhneamh. De réir mar a thagann feabhas ar an teicneolaíocht agus gur féidir athchúrsáil a dhéanamh ar níos mó saghsanna plaistigh, beidh an córas athchúrsála ábalta iad a shórtáil agus a aimsiú gan mhoill.

Is féidir leis na hathruithe simplí seo ar ár nósanna athchúrsála tionchar a imirt, ar an ábhar sin, ar ár rátaí athchúrsála. Is i bhfad níos fusa a bheidh sé anois ar shealbhóirí tí dramhaíl a shórtáil – ach a chuimhneamh gur féidir an pacáistiú plaisteach glan, tirim agus scaoilte go léir, idir bhog agus docht, a chur isteach inár n-araidí athchúrsála.